Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Foley roimh na céadta scoil bhreise chuige Cnuasaigh Chruthaitheacha agus clár ealaíona BLAST

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu go mbronnfar cónaitheachtaí BLAST ar 629 scoil in 2022-2023, an dara bliain den chlár BLAST (Ealaíona Beo a thabhairt chuig Daltaí agus Múinteoirí).

Is méadú suntasach é seo ar na 489 bunscoil agus iar-bhunscoil a ghlac páirt sa chéad bhliain den chlár agus léiríonn sé suim láidir agus rannpháirtíocht ó scoileanna chun oibriú le gairmithe cruthaitheacha tríd an gclár seo.

Dúirt an tAire Foley: “Cruthaíonn tionscnamh BLAST deiseanna do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna aonair comhoibriú le healaíontóirí seanbhunaithe ar raon tionscadal cruthaitheach nuálacha. Is eispéireas iontach ealaíne é seo dár ndaltaí agus bhí breis agus 480 scoil páirteach anuraidh, rud a chruthaigh eispéireas cruthaitheach é do na mílte dalta.

“I mbliana, tá an-áthas orm gurbh fhéidir líon na scoileanna rannpháirteacha a mhéadú, ionas gur féidir linn cónaitheachtaí BLAST le fíor ealaíontóirí a thairiscint do 629 scoil agus cur le líon na ndaltaí ar féidir leo tairbhe a bhaint as an deis taitneamh a bhaint as taithí chruthaitheach sa seomra ranga agus foghlaim ar bhealaí nua.

“Rachaidh smaointeoireacht chruthaitheach agus léiriú cruthaitheach chun tairbhe ár ndaltaí trí dheiseanna foghlama a sholáthar agus trí fholláine a fheabhsú. Cuireann rannpháirtíocht i dtionscadail chruthaitheacha ar chumas leanaí agus daoine óga iad féin a chur in iúl, cruthaíonn sé deiseanna nascachta agus comhoibrithe dóibh, agus tugann sé spás dóibh smaointe nua a iniúchadh agus scileanna nua a fhoghlaim”.

D’fháiltigh an tAire Foley freisin roimh 21 Cnuasach Cruthaitheach breise a bunaíodh do 2022-2024, ina bhfuil 77 bunscoil agus iar-bhunscoil eile san áireamh. Dúblaíonn sé sin an líon scoileanna agus cnuasach atá rannpháirteach i mbliana, méadú ó 21 cnuasach a fógraíodh cheana i Meán Fómhair 2022, mar fhreagra ar an éileamh ó scoileanna don tionscnamh cruthaitheach comhoibríoch seo.

Faoin scéim seo, chun tacú le scoileanna acmhainn chruthaitheachta a fhorbairt, bainfidh scoileanna i ngach cnuasach tairbhe as rochtain ar éascaitheoir saineolais, ealaíontóir nó saineolas cruthaitheach i gcíbe réimse spéise nó téama a roghnaíonn siad. Cabhróidh na hacmhainní seo leis na scoileanna tionscadal foghlama agus gníomhaíochtaí a thógáil a bheidh saincheaptha dá ndaltaí. Mar chuid den leithdháileadh maoinithe seo, féadfaidh cnuasach maoiniú suas le €15,000 a fháil chun cuidiú lena bpleananna agus a smaointe a thabhairt chun críche in 2022-2024.

Dúirt an tAire Foley: “Cuireann leathnú breise na gCnuasach Cruthaitheach ar chumas níos mó scoileanna an deis seo a thapú – ciallaíonn sé go mbíonn deis ag níos mó leanaí agus daoine óga scileanna riachtanacha oiriúnaithe agus comhoibrithe a fhorbairt, agus taitneamh a bhaint as, agus iniúchadh a dhéanamh ar, léiriú ealaíne agus cruthaitheachta.”

I measc na gCnuasach Scoile i mbliana tá, mar shampla, cnuasach amháin a fhreastalaíonn ar dhaltaí a bhfuil uathachas orthu, agus é mar aidhm aige áiteanna súgartha tadhlacha agus idirghníomhacha a chruthú lasmuigh, agus cnuasach eile bunscoileanna atá ag obair le chéile chun suim agus eolas sa chódú a chruthú eatarthu. Léiríonn a leithéid de théamaí éagsúla eispéireas áitiúil agus dearcthaí uathúla gach cnuasach, agus léiríonn siad an tairbhe atá le baint ag daltaí as rannpháirtíocht chruthaitheach ar iliomad bealaí.

Tá fáilte curtha ag an Aire freisin roimh fhoilsiú na tuarascála taighde agus meastóireachta, Cnuasaigh Chruthaitheacha: Cur Chuige Comhoibritheach maidir le Cruthaitheacht a Chothú i Scoileanna. Cuireann an tuarascáil seo, a choimisiúnaigh an Roinn, measúnú luachmhar ar fáil ar láidreachtaí an chláir agus tá moltaí inti chun dearadh, soláthar agus leathnú na gCnuasach Cruthaitheach a neartú tuilleadh.

Tá an tuarascáil mheastóireachta ar fáil anseo

 

Tá liosta na scoileanna atá ag glacadh páirte sa chlár ealaíona BLAST do 2022-2023 ar fáil anseo

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

Is tionscnamh cultúr-bhunaithe, uile é an Clár Éire Ildánach ina mbíonn an chruthaitheacht go lárnach i bpolasaí poiblí, agus é i gceist go gcothóidh sé folláine aonair, pobail agus náisiúnta. Tá BLAST agus Cnuasaigh Chruthaitheacha ar dhá cheann de na príomhthionscnaimh “inscoile” a forbraíodh agus a rolladh amach faoi Cholún 1 – Óige Ildánach. I mí na Nollag, d’aontaigh an Rialtas síneadh a chur leis an gClár Éire Ildánach go dtí 2027.

 

Tá sé mar aidhm ag BLAST (Ealaíona Beo a thabhairt chuig Daltaí agus Múinteoirí) am agus spás a chur ar fáil do dhaltaí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre chun oibriú le healaíontóir gairmiúil atá oilte leis an scéim Páirtnéireacht Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP), ar thionscadail chruthaitheacha, shamhlacha agus spraíúla.

Deartar agus forbraítear na ranganna nuálacha seo idir an t-ealaíontóir, an múinteoir agus an scoil faoi chomhordú líonra 21 ionad tacaíochta oideachais lánaimseartha Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann (ESCI). Mar shampla:

  • Clár cnaguirlisí ceoil i scoil DEIS ina bhfuil ranganna speisialta. Tá an clár dírithe ar thrí rang níos óige i scoil agus ar ranganna speisialta. Cuirfidh an clár buntáistí teiripeacha agus céadfacha ar fáil agus é nasctha ag an am céanna le hoideachas ceoil níos leithne sa scoil, lena n-áirítear freastal ar chlár ceoil scoile uile.

 

  • Suaitheantas scoile a dhearadh, ag baint úsáide as ábhair traidisiúnta ealaíne nó as teicneolaíocht nó astu araon. Táthar ag súil go mbeidh gach dalta sa scoil páirteach agus go gcruthófar nasc le stair, cultúr, oidhreacht agus éiteas. Déanfar an tionscadal a dhoiciméadú trí ghrianghrafadóireacht dhigiteach agus beidh an toradh deiridh le feiceáil ar éide corpoideachais nua na ndaltaí.

 

Is tionscnamh píolótach de chuid na Roinne Oideachais é Cnuasaigh Chruthaitheacha, atá á stiúradh ag agus i gcomhpháirtíocht leis na 21 ionad oideachais lánaimseartha agus atá maoinithe tríd an gCiste Sármhaitheasa Scoileanna. Bíonn idir trí agus cúig scoil i gCnuasach Cruthaitheach agus iad ag comhoibriú ar dhearadh, ar fheidhmiú, ar mheasúnú agus ar scaipeadh tionscadail nuálacha ealaíon agus foghlama cruthaitheacha a thacaíonn leo dul i ngleic le saincheist nó le dúshlán coiteann, a shainaithníonn an cnuasach sin. Mar shampla:

  • Tá cnuasach de chúig scoil ag obair ar théama dar teideal “Cruthaigh áit súgartha”. Tarlaíonn sé i gcás gach ceann de na cúig scoil go bhfreastalaíonn siad ar dhaltaí le NSU agus go bhfuil aonaid NSU acu nó gur scoil speisialta iad. Tríd an tionscadal seo tá súil acu eispéiris a ndaltaí ar ghnáthóga nádúrtha agus ar an domhan nádúrtha timpeall orthu a leathnú. Tá sé i gceist acu áit shúgartha idirghníomhach, thadhlach agus chruthaitheach a chruthú laistigh de gach timpeallacht scoile trí chomhoibriú idir na foirne uile sna cúig scoil.
  • Tá trí bhunscoil ag obair le chéile mar Chnuasach Cruthaitheach ar an téama “Cracking the Code”. Tá sé mar aidhm acu, agus an cnuasach á chruthú acu, suim chomhroinnte sa chódú a chruthú idir na trí scoil agus iarracht a dhéanamh cluichí nó gníomhaíochtaí códaithe a chruthú a roinnfidh na leanaí le ranganna eile ina scoil chun scileanna smaointeoireachta chriticiúil agus fadhbréitigh a roinnt trí chruthaitheacht sa chódú.

Is tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais é an Ciste Sármhaitheasa Scoileanna chun sármhaitheas agus nuálaíocht a spreagadh agus a aithint inár scoileanna. Tá sé ar fáil do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.