Foilsithe ar 

Lá stairiúil agus Bille na dTeangacha Oifigiúla réidh lena achtú ag Uachtarán na hÉireann

Bonn láidir leagtha síos chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

 

Tá Bille na dTeangacha Oifigúla (Leasú) 2019 rite trí Dháil Éireann ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, an Teachta Dála Jack Chambers agus an breithniú deiridh déanta anois air. Leasuithe breise Rialtais ó Chéim an Choiste agus Céim na Tuarascála sa Seanad is ea na leasuithe a cuireadh faoi bhráid na Dála inniu, rud a fhágann nach bhfuil ach síniú Uachtarán na hÉireann ag teastáil anois sula n-achtófar é.

 

Tugann na leasuithe uile ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 aghaidh ar ábhair imní agus ar shaincheisteanna a ardaíodh tar éis comhairliúchán forleathan agus díospóireacht chuimsitheach agus tá sraith forálacha déanta sa Bhille a bhfuil sé mar aidhm acu go bhfeabhsófaí an freastal ar riachtanais cainteoirí Gaeilge.

 

I measc na bhforálacha seo, tá líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tSeirbhís Phoiblí a mhéadú, is é sin go mbeidh 20% de na hearcaigh nua ina gcainteoirí Gaeilge roimh dheireadh 2030, gur trí mheán na Gaeilge a chuirfear seirbhísí Stáit ar fáil sa Ghaeltacht agus gur trí mheán na Gaeilge a fheidhmeoidh gach oifig phoiblí atá suite i limistéar Gaeltachta. Chuige sin, bunófar an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a fhoilseoidh Plean Náisiúnta maidir leis an soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge.

 

 

In óráid ón Aire Stáit Chambers sa Dáil inniu, dúirt sé:

“Leis an mBille nua seo, tá bonn láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

 

“Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh. Is in 2003 a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus, ó shin i leith, tá roinnt forbairtí déanta agus reachtaíocht tagtha i bhfeidhm a shníonn isteach leis an mBille atá rite tríd an Dáil inniu. Le hAcht na Gaeltachta, 2012, rinneadh foráil go n-aithneofaí limistéir Ghaeltachta ar bhonn teangeolaíoch seachas ar bhonn tíreolaíoch mar chuid den Phróiseas Pleanála Teanga. Faoin bpróiseas seo, cuireann pobail Gaeltachta pleananna teanga i dtoll a chéile ar mhaithe le líon na gcainteoirí Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga atá aitheanta faoin Acht a mhéadú thar thréimhse seacht mbliana. Is ag brath ar sheirbhísí phoiblí i nGaeilge a bheith ar fáil atá go leor de na spriocanna atá leagtha síos sna pleananna teanga seo agus tugann achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) uirlis reachtúil don Stát chun soláthar na seirbhísí sin a phleanáil don fhadtéarma.”

 

Ag cur fáilte roimh an bhfógra go bhfuil turas an Bhille tríd an Oireachtas críochnaithe, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D:

“Is lá stairiúil é seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an teanga mar chéad teanga oifigiúil an Stáit, cuid luachmhar d’oidhreacht an oileáin seo agus, níos tábhachtaí fós, mar theanga bheo i measc phobal na Gaeltachta. Sníonn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge isteach leis an mBille Teanga nua seo agus gníomhartha faoi leith sonraithe sa Straitéis agus sa Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana 2018-2022 a thugann aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le cainteoirí Gaeilge a earcú don tSeirbhís Phoiblí, i measc nithe eile.

 

Tagann achtú an Bhille seo ag am stairiúil i saol na Gaeilge agus deireadh le teacht leis an maolú ar úsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar an 1 Eanáir 2022 – rud a thabharfaidh an stádas céanna don teanga san Aontas is atá ag mórtheangacha na hEorpa.

 

CRÍOCH

 

 

Nótaí don eagarthóir:

Bille na dTeangacha Oifigiúla, 2019:

https://www.oireachtas.ie/ga/bills/bill/2019/104/

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003: https://www.oireachtas.ie/ga/bills/bill/2002/24/

 

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030:

https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/an-straiteis-20-bliain-don-ghaeilge-2010-2030/

 

Plean Gníomhaíochta 2018-2022:

https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/