Foilsithe ar 

Maoiniú €200,000 deimhnithe ag an Aire Stáit O’Donovan do Chiste Spreagtha 2023

D’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, maoiniú €200,000 inniu le haghaidh Chiste Spreagtha 2023.

 

Beidh an €200,000 á riar ag foireann Sheachtain na Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge chun go mbeidh ar chumas grúpaí pobail imeachtaí Gaeilge a reáchtáil go háitiúil mar chuid den cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge le Energia 2023. Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902 agus glacann suas le milliún duine páirt ann gach bliain.

 

Chuir an Roinn maoiniú ar fáil don Chiste Spreagtha den chéad uair anuraidh. D'éirigh go hiontach leis an tionscadal agus chuir sé dreasacht ar fáil do ghrúpaí pobail chun filleadh ar imeachtaí a eagrú tar éis na paindéime. Is é an aidhm atá leis an gciste maoinithe cuimsitheach ná imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta a spreagadh ar leibhéal áitiúil agus pobail. Ar nós mar a rinneadh roimhe seo, tá deis ag na heagraíochtaí agus grúpaí pobail iarratas a dhéanamh ar sciar den chiste chun ócáid Ghaeilge a reáchtáil ina bpobal féin.

 

Déanfar iarracht imeachtaí a chur ar siúl i ngach cearn d'Éirinn. Leis na himeachtaí seo táthar ag súil go meallfar grúpaí daoine nua chuig na himeachtaí a eagraítear chun deis labhairt na Gaeilge a thabhairt dóibh.

 

I gceantar Gaeltachta agus in áiteanna níos láidre ó thaobh na Gaeilge de, táthar ag iarraidh ar ghrúpaí deiseanna sóisialta ó thaobh úsáid na Gaeilge a thabhairt do dhaoine agus an pobal a thabhairt le chéile leis an nGaeilge agus an fhéile a cheiliúradh.

 

Maidir leis an gCiste Spreagtha, dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

“Tá an-áthas orm go bhfuil sé de chumas ag mo Roinn tacú leis an gCiste Spreagtha arís i mbliana le linn Sheachtain na Gaeilge.Is bealach iontach é an tionscadal chun an teanga a chur ar ais i mbéal na bpobal thart timpeall na hÉireann agus chun an teanga a cheiliúradh ag leibhéal áitiúil.”

 

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá an-áthas orainn go bhfuil an ciste spreagtha in éineacht le Seachtain na Gaeilge le Energia ann arís i mbliana. Tabharfaidh sé tacaíocht do na grúpaí iontacha a eagraíonn imeachtaí Gaeilge le linn na féile agus ina diaidh. Táimid ag súil go spreagfaidh an ciste seo pobal na Gaeilge, pobal na Gaeltachta agus iad siúd nach raibh deis acu a bheith páirteach in imeachtaí Gaeilge roimhe seo. Táimid an-bhuíoch freisin den Aire Stáit agus den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an maoiniú seo a chur ar fáil arís.”

 

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

 

Nótaí don Eagarthóir:

 

Tuilleadh eolais faoin gCiste Spreagtha le fáil i nGaeilge anseo:

https://cnag.ie/ga/glac-p%C3%A1irt/b%C3%AD-p%C3%A1irteach/ciste-spreagtha.html

 

agus i mBéarla anseo:

https://cnag.ie/en/get-involved/take-part/ciste-spreagtha-support-fund.html

 

  • In 2021 rinne Seachtain na Gaeilge le Energia comhordú ar chiste £150,000 a mhaoinigh an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge sna 6 chontae amháin. D'éirigh le 50 grúpa maoiniú a fháil ón gciste sin.

 

  • Féile de chuid Chonradh na Gaeilge is ea 'Seachtain na Gaeilge le Energia' a bhunaigh an eagraíocht in 1902 agus tá an Conradh ag comhordú na féile ó shin. Faigheann Conradh na Gaeilge maoiniú ó Fhoras na Gaeilge chun an ócáid a eagrú.

 

  • Is é Conradh na Gaeilge an fóram daonlathach do phobal na Gaeilge. Tá os cionn 180 brainse ag an gConradh agus tá go leor baill aonair cláraithe ar fud an domhain, baill a oibríonn go dian chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantar féin. Is é príomhaidhm Chonradh na Gaeilge úsáid na Gaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga chumarsáide in Éirinn.