Foilsithe ar 

Seolann an tAire Catherine Martin Comhairliúchán ar Líne maidir le Bunioncam píolótach do na hEalaíona

Beidh beagnach 200 ealaíontóir, oibrí ealaíon agus comhlacht ionadaíoch i láthair;

 

Osclófar an scéim phíolótach d’iarratais go luath san Athbhliain agus beidh an scéim ar fáil d’ealaíontóirí a bhíonn ag cleachtadh a gceirde agus d’oibrithe ealaíon cruthaitheach chun tacú lena gcleachtais chruthaitheacha;

 

Tabharfaidh an Fóram deis do rannpháirtithe cur leis an bhforbairt beartais atá mar bhonn faoin scéim phíolótach;

 

Foilseofar páipéar seasaimh i mí Eanáir trínar féidir aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an scéim phíolótach;

 

Seolfar scéim phíolótach i R1 de 2022

 

Inniu (Dé Céadaoin, 15 Nollaig 2021) óstálfaidh Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus  Meán fóram pháirtithe leasmhara maidir le bunioncam do na healaíona  chun tuairimí ealaíontóirí agus daoine a oibríonn in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir a fháil.

         

Mar Aire atá freagrach as na hEalaíona agus an Cultúr, dúirt Catherine Martin TD:

 

“Ní dhéantar idirghabháil beartais mar seo ach uair amháin i ngach glúin, beart a chreidim a athdhearfaidh an tírdhreach do na healaíona go ceann na mblianta fada. Is léiriú bunúsach iad ár gCultúr agus na hEalaíona ar cé muid féin mar náisiún. Tá ár n-oidhreacht shaibhir chultúrtha ar cheann de na hacmhainní is fearr atá againn, agus cuireann ár gcuid ealaíontóirí go mór le féiniúlacht, cruthaitheacht agus muintearas ár gcuid pobal. Chonacthas luach sochaíoch intreach an chultúir agus na n-ealaíon go soiléir le linn na paindéime, agus chuir siad dath, solas agus dóchas ar fáil in amanna éiginnte."

 

Bhunaigh an tAire Martin Tascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir in 2020 mar fhreagra ar an bpaindéim, agus chun ardán a sholáthar do mholtaí dírithe ar réitigh chun earnáil na n-ealaíon agus an chultúir a théarnamh. Ba é an príomh-mholadh a bhí ag an tascfhórsa ná bunioncam a thabhairt isteach don scéim phíolótach ealaíon. 

 

Dúirt an tAire Martin chomh maith:

 

“Leithdháileadh €25m chun scéim phíolótach bunioncaim a chur ar bun d’ealaíontóirí, agus tugann mé féin agus mo Roinnse tús áite dó. Tá rún daingean agam a chinntiú nach ndéanann an phaindéim  dochar buan d’earnáil na n-ealaíon agus go bhfuil an scéim phíolótach bunioncaim mar chuid den fhreagra lena chinntiú go dtiocfaidh na healaíona ar ais in Éirinn níos láidre ná riamh."

 

Dúirt Clare Duignan, atá ina cathaoirleach ar an Tascfhórsa:

 

“Tá marthanacht, téarnamh agus inbhuanaitheacht na hearnála seo ag brath ar bheartas eacnamaíoch agus ar chinnteoireacht sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. D’aontaigh baill an tascfhórsa d’aon toil gur cheart dúinn tús áite a thabhairt do bhunú scéim phíolótach bunioncaim in earnáil na n-ealaíon, an chultúir,  closamhairc, taibhithe beo agus imeachtaí beo. Tá an-áthas orm páirt a ghlacadh inniu i gcur i láthair dhréachtmholadh do pháirtithe leasmhara earnála le haghaidh scéim ioncaim bhunúsaigh i gcomhair na n-ealaíon. Tá an cumas ag an scéim seo athruithe a thioscnamh maidir le hinbhuanaitheacht na hearnála." 

 

Is é cuspóir fhóram pháirtithe leasmhara an lae inniu a chinntiú go mbeidh an deis ag ealaíontóirí agus daoine a oibríonn in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir ionchur a dhéanamh i bhforbairt beartais don scéim phíolótach agus moltaí a dhéanamh óna dtaithí mar ealaíontóirí, oibrithe ealaíon agus baill d’eagraíochtaí acmhainne ar cheisteanna lárnacha amhail cuspóirí na scéime, critéir cháilitheachta, tacú le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus freagrachtaí rannpháirtithe.

 

Meastar go bhfreastalóidh beagnach 200 ionadaí inniu, ó níos mó ná 50 eagraíocht dhifriúil a dhéanann ionadaíocht ar ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon san earnáil.

 

Dúirt an tAire Martin chomh maith:

 

“Déanfaidh an Fóram seo eolas don scéim phíolótach trí thaithí saoil ealaíontóirí agus dhaoine cruthaitheacha a chur san áireamh agus tuiscint a fháil ar an gciall a d’fhéadfadh a bheith ag bunioncam dóibh féin agus dá gcleachtas cruthaitheach.  Cuirfidh díospóireachtaí an lae inniu leis an bhforbairt leanúnach beartais agus tá sé an-tábhachtach dom go gcloistear agus go gcuirtear tuairimí lucht na n-ealaíon san áireamh sa scéim phíolótach, nuair a sheolfar í go luath an bhliain seo chugainn."

 

Seolfar an Scéim Phíolótach Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona i R1 de 2022.  Foilseofar tuilleadh sonraí, lena n-áirítear páipéar beartais, ar shuíomh gréasáin na Roinne tar éis an t-aiseolas agus an t-ionchur ón bhFóram a mheas agus a thabhairt chun críche.

 

CRÍOCH

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

An Roinn Turasóireachta,  Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: AnRoinnTurasóireachtaCultúirEalaíonGaeltachtaSpóirtagusMeán Chun díchlárú ó na ríomhphoist seo, brúigh ANSEO.

 

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Tar éis mholadh an Tascfhórsa, d’oibrigh an Roinn chun seasamh beartais agus forbhreathnú scéime a fhorbairt don scéim phíolotach Ioncaim Bhunúsaigh d’Ealaíontóirí d’fhonn an tionscnamh a sheoladh go luath in 2022.

 

Sa phróiseas seo, rinneadh plé leathan le páirtithe leasmhara Rialtais agus scrúdú ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta agus sonraí earnála. Tá rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara lárnach sa phróiseas seo agus tá páipéar comhairliúcháin ullmhaithe ag an Roinn a bheidh mar bhunús d’fhóram an lae inniu. Leagtar amach ann cuspóirí, critéir cháilitheachta agus riachtanais feidhmíochta a bheidh i bhfeidhm sa scéim phíolótach mar aon le ceisteanna le breithniú ag páirtithe leasmhara.

 

Lorgófar ionchur ó pháirtithe leasmhara in dhá chéim:

 

Céim 1: Fóram na bPáirtithe Leasmhara

Déanfaidh an t-éascaitheoir ionchur na bpáirtithe leasmhara a bhailiú agus a chomhordú agus beidh na sonraí seo mar chuid d’fhorbairt na Roinne ar an scéim phíolótach. Tabharfar deis do rannpháirtithe aighneachtaí breise i scríbhinn a sholáthar go díreach don Roinn níos déanaí.

 

Céim 2: Comhairliúchán Poiblí ar Líne 

Ag tabhairt aitheantais do na rudaí nach féidir le fóram na bpáirtithe leasmhara a dhéanamh, tá sé beartaithe ag an Roinn tús a chur le comhairliúchán poiblí ar líne go luath i mí Eanáir, chun tuilleadh sonraí a bhailiú.  Ar mhaithe le cothromas, leanfaidh an comhairliúchán poiblí an cur chuige céanna le fóram na bpáirtithe leasmhara, le foilsiú an pháipéir chomhairliúcháin agus iarraidh go dtugann aighneachtaí freagra ar na ceisteanna lárnacha céanna sin a bhaineann leis na cuspóirí, critéir cháilitheachta, riachtanais feidhmíochta srl.

 

 

Eagraíochtaí Ionadaíocha a fhreastalóidh ar an bhFóram

  • Actors Equity/SIPTU/MU
  • Age and Opportunity
  • Beochan Éireann
  • Ealaíona agus Míchumas Éireann
  • An Chomhairle Ealaíon
  • Association of Irish Composers (AIC)
  • Association of Irish Stage Technicians
  • Association of Local Arts Officers
  • Business to Arts
  • Centre for Creative Practices
  • Leabhair Pháistí Éireann
  • Contemporary Music Centre (CMC)
  • Create
  • Damhsa Éireann
  • Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann
  • Drive for Change
  • DSP
  • Events Industry Ireland (EIA)
  • First Music Contact(FMC)
  • Cruit Éireann
  • Improvised Music Company (IMC)
  • IMRO
  • Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann
  • Irish Society of Stage and Screen Designers
  • Irish Street Arts, Circus & Spectacle Network
  • Irish Visual Artists Rights Organisation (IVARO)
  • Irish Writers Centre
  • Irish Writers Union
  • Grúpa Maoirseachta um Shaol is Fiú a Chaitheamh
  • Tascfhórsa um Shaol is Fiú a Chaitheamh
  • Mothers Artist Makers Mothership Project
  • Music & Entertainment Association Of Ireland (MEAI)
  • Music Network Ireland
  • Na Píobairí Uilleann
  • National Campaign for the Arts
  • Ceoldrámaíocht Éireann
  • Filíocht Éireann
  • PRAXIS – the Artists Union of Ireland
  • Screen Composers Guild of Ireland
  • Screen Composers Guild of Ireland
  • Screen Guilds of Ireland
  • Fís Éireann
  • Léiritheoirí Físe Éireann
  • Irish Society of Stage and Screen Designers
  • An Fóram Amharclannaíochta
  • Ceol Traidisiúnta na hÉireann
  • Údarás na Gaeltachta
  • Visual Artists Ireland
  • Wedding Band Association
  • Words Ireland
  • Writers Guild of Ireland