Foilsithe ar 

‘Tar Éis Am Dúnta’ - Maoiniú suas le €1,000,000 fógartha ag an Aire Martin do mhúsaeim agus do ghailearaithe áitiúla ar fud na tíre chun tacú leis an nGeilleagar Oíche

Tá scéim phíolótach d’oícheanta déanacha sna músaeim ar mhaithe le tacú leis an nGeilleagar Oíche seolta inniu (Dé Céadaoin an 17 Bealtaine) ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. roimh Lá Idirnáisiúnta na Músaem. Cuireann an ghné “Tar Éis Am Dúnta” leis an méid a foghlaimíodh ó Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche phíolótach na bliana anuraidh agus féachtar le tacú le músaeim agus gailearaithe beaga ar fud na tíre chun go mbeidh ar a gcumas a bheith oscailte níos déanaí, imeachtaí beo a sceidealú agus éagsúlacht a spreagadh sa chlár a chuireann siad ar fáil i mbailte agus sráidbhailte beaga ar fud na tíre. 

 

Is féidir le baill den Chlár um Chaighdeán Músaeim in Éirinn (MSPI) agus baill de Chumann Músaem na hÉireann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas le €10,000 chun imeachtaí déanach san oíche a reáchtáil i mbliana. I measc roinnt imeachtaí is féidir a mhaoiniú tá ceol beo, DJ beo, damhsa (taibhithe nó rannpháirtíochta), taispeántais, léamha filíochta, seónna grinn, drámaíocht, scannán, podchraoltaí beo, scéalaíocht, ranganna agus tionscnaimh folláine. Is féidir leis na hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir leas a bhaint as an maoiniú seo freisin chun cur leis an rath a bhí ar oscailtí agus imeachtaí níos déanaí na bliana anuraidh a raibh féile cheoil Haunted Dancehall an Cheolárais Náisiúnta, ar díoladh na ticéid ar fad ina leith, mar chuid de.

 

Is éard a dúirt an tAire Martin ag seoladh na scéime i Músaem Beag Bhaile Átha Cliath:

 

“Beidh Lá Idirnáisiúnta na Músaem ar siúl an tseachain seo agus beimid ag déanamh ceiliúradh ar Mhúsaeim agus ar Ghailearaithe ar fud na tíre arb iad croí beo an chultúir iad inár bpobail. Is iontu seo a choimeádtar an stair atá againn, a léiríonn an fhéiniúlacht chultúir atá againn agus a chuireann spás ar fáil don chruthaitheacht a mbeidh glúnta amach anseo ábalta sásamh a bhaint aisti. Tá ról ríthábhachtach acu sna bailte agus sráidbhailte níos lú áit a dtacaíonn siad le comhráite oscailte, ina gcuirtear meabhairshláinte dhearfach chun cinn agus ina bhfuil fáilte roimh gach duine.  Téann Geilleagar Oíche bisiúil chun tairbhe pobail agus ba mhaith liom ugach a thabhairt do mhúsaeim agus do ghailearaithe áitiúla féachaint ar na spásanna atá acu ó thaobh a bheith oscailte déanach san oíche. Féachtar leis an tacaíocht a fógraíodh inniu fáilte a chur roimh lucht spéise nua trí réimse de chláreagrú agus gníomhaíochtaí nuálacha. Cuirfidh sin beocht sna tráthnónta níos faide do phobail agus do thurasóirí araon.”

 

Ba é aidhm Thuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche (GO), a foilsíodh i Meán Fómhair 2021, earnáil Geilleagair Oíche níos iléagsúla a chruthú don phobal áitiúil agus do chuairteoirí araon.  Tá ról tábhachtach ag institiúidí cultúir, músaeim agus gailearaithe áitiúla na hÉireann sa mhéid sin, trí fhanacht oscailte níos déanaí sna tráthnónta, agus trí bhonneagar a chur ar fáil chun spás/áiseanna a sholáthar do chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí oíche.  Is féidir cur leis na deiseanna trí chomhoibriú idir institiúidí agus comhpháirtithe níos éagsúla.

 

Faoi Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche na bliana anuraidh, cuireadh tacaíocht ar fáil don ghníomhaíocht chultúir i dtithe tábhairne, i gclubanna oíche, i gcaiféanna agus in áitribh cheadúnaithe agus neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile i rith uaireanta seachbhuaice.   Beidh an glao ar mhaoiniú seo dírithe ar mhúsaeim agus ar ghailearaithe agus á thairiscint do na músaeim sin atá ina mbaill de Chumann Músaem na hÉireann agus do mhúsaeim atá ina mbaill den Chlár um Chaighdeáin Músaeim in Éirinn.  D'fhéadfadh breis is 80 músaem agus gailearaí i sráidbhailte agus i mbailte ar fud na tíre a bheith i gceist leis sin. Forbraíodh an scéim i gcomhar le Cumann Músaem na hÉireann, an Chomhairle Oidhreachta agus Fáilte Ireland. Cuirfear tacaíocht ar fáil trí íocaíocht deontais suas le €10,000 an músaem agus beidh riachtanas orthu a bheith oscailte níos déanaí/imeachtaí a chur ar fáil go dtí 9pm ar a laghad 4 oíche sa tseachtain ar a laghad. D’fhéadfaí maoiniú breise a bhreithniú má bhíonn clár níos uaillmhianaí d’oscailtí beartaithe agus sa chás go mbeadh maoiniú ar fáil.

 

Chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú ar fáil anuraidh i dtaobh oscailtí níos déanaí sna hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir. Táthar ag súil go neartóidh an maoiniú seo an rath a bhí ar an scéim phíolótach anuraidh, agus go gcuirfidh sé leis, rud a chuirfidh eolas níos fearr ar fáil do na hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir maidir leis na himeachtaí is féidir a choinneáil ar bun san fhadtéarma i dtaobh imeachtaí a reáchtáil san oíche amach anseo.

 

Is éard a dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

“Tá an Chomhairle Oidhreachta tugtha do a chinntiú go bhfuil oidhreacht s’againne, ina cuid foirmeacha go léir, chomh hinrochtana agus is féidir ag an méid daoine agus is féidir. Trí thacú le himeachtaí déanach san oíche inár músaeim agus gailearaithe, is cinnte go méadóidh an scéim phíolótach seo an teacht atá ag lucht spéise nua ar ár gcultúr oidhreachta, ach éascóidh sé freisin cruthú saothair nua agus spéisiúla. Tá éirithe thar barr ag ár gClár um Chaighdeáin Músaeim in Éirinn cáilíocht na músaem atá againn ar fud na tíre a ardú. Tá a fhios againn chomh dúthrachtach is atá ár músaeim chreidiúnaithe i dtaobh sárchaighdeáin a choinneáil agus táim cinnte go gcuirfidh na músaeim a bhainfidh leas as an scéim taithí den scoth ar fáil do chuairteoirí.”

Is éard a dúirt Gina O’Kelly, Stiúrthóir Chumann Músaem na hÉireann:

“Cuireann ár músaeim spásanna cruthaitheacha ar fáil do chuairteoirí chun ceangal leis an gcultúr ar bhealaí atá ábhartha agus fiúntach dá saol, agus ar bhealach, tá siad in áit mhaith chun tacú le hiarrachtaí Rialtais chun geilleagar oíche níos éagsúla a fhorbairt. Cuireann an tacaíocht a fógraíodh inniu deis a mbeidh fáilte roimhe ar fáil dár músaeim ní hamháin chun rochtain inbhuanaithe tar éis am dúnta a fhiosrú agus feabhas a chur freisin ar rannpháirtíocht ina gcuid clár agus imeachtaí, ach beidh teacht acu freisin ar lucht spéise nua agus ar lucht spéise a bhfuil gannionadaíocht á déanamh orthu mar aon le himeachtaí bríomhara eile oíche a chur ar fáil dá bpobail féin agus do chuairteoirí chuig an gceantar.”

Thapaigh an tAire Martin an deis chomh maith chun fáilte a chur roimh an bpróiseas earcaíochta atá ar siúl anois i gcúig áit den naoi gcinn a roghnaíodh do Chomhairleoir Oíche a bhfuil an Roinn ag tacú leis:

 

“Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta sna cúig údarás áitiúla a bhfuil tús curtha anois acu leis an bpróiseas chun Comhairleoirí nua Oíche a earcú.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na foirne i gCathair Chorcaí, i gCathair Bhaile Átha Cliath, i gCill Chainnigh, i nDroichead Átha agus i Luimneach a bhfuil earcú i leith na bpost ríthábhachtach seo fógartha acu agus táim ag súil go mbeidh na ceithre cinn atá fanta, Cathair na Gaillimhe, an Longfort, Bun Cranncha agus Sligeach, ag cur tús leis an bpróiseas go luath.  Soláthróidh na poist seo tacaíocht straitéiseach a bhfuil géarghá léi, rannpháirtíocht áitiúil agus spreagadh do gheilleagar oíche níos fuinniúla agus níos éagsúla. Is iontach an deis a bheidh i scéimeanna ar nós na scéime atá á fógairt inniu do na comhairleoirí seo agus iad ag oibriú i dtreo pleananna uaillmhianacha agus iontacha a fhorbairt dá gceantair féin.”

 

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo do na Treoirlínte agus foirm iarratais.

 

CRÍOCH

 

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 01 6437610 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nóta d'Eagarthóirí: 

Is féidir le Músaeim agus Gailearaithe ar baill iad den Chlár um Chaighdeáin Músaeim in Éirinn agus/nó baill de Chumann Músaem na hÉireann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú.

 

Mar chuid de Ghníomh 19 i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche, roghnaíodh naoi gcinn de chathracha agus bailte píolótacha arna bhfógairt ag painéal neamhspleách athbhreithnithe, faoi stiúir an Chumainn Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach agus a bhfuil tacaíocht faighte aige ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i nDeireadh Fómhair 2022.  Is iad Cathair Bhaile Átha Cliath, Cathair Chorcaí, Cathair Luimnigh, Cathair na Gaillimhe, Cill Chainnigh, Droichead Átha, Sligeach, Bun Cranncha agus Baile an Longfoirt na bailte agus cathracha píolótacha atá roghnaithe.  Tá maoiniú suas le €800k á chur ar fáil d’Údaráis Áitiúla ag an Roinn chun na poist seo a mhaoiniú.

Cuideoidh na Comhairleoirí nua seo chun geilleagar oíche níos inbhuanaithe a spreagadh ina gceantair ar leith féin agus tacú leis. Oibreoidh siad i gcomhar le gnólachtaí, pobail, ionaid, cónaitheoirí agus ealaíontóirí chun saol oíche níos bríomhara a chruthú do chách agus an bheocht a thabhairt ar ais i lár ár gcuid cathracha agus bailte arís ar bhealach sábháilte inbhuanaithe.