Foilsithe ar 

Earnáil an Gheilleagair Oíche á spreagadh le bheith páirteach i gcúrsaí nua oiliúna a bhfuil sé mar aidhm leo timpeallacht níos sábháilte do chách a chruthú

Tionscnamh oiliúna seolta ag an Aire Martin lena chur ar chumas oibrithe agus gnónna daoine níos leochailí a chosaint agus foréigean i gcoinne na mban a chosc

 

Ó tharla gur éirigh le triail i mí na Nollag, tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag seoladh sraith nua de chúrsaí oiliúna maidir le leochaileacht d’earnáil an gheilleagair oíche a thosóidh an tseachtain seo chugainn.

 

Tá sé i gceist leis na cúrsaí seo timpeallacht níos sábháilte do chách a chruthú, daoine níos leochailí a chosaint agus foréigean i gcoinne na mban a chosc.

Rinneadh na cúrsaí seo a fhorbairt i gcomhar le Cumann na bhFíoncheannaithe Ceadúnaithe, Cónaidhm Fíoncheannaithe na hÉireann, Cumann Bialann na hÉireann, Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach agus Give Us the Night agus le tacaíocht ón Roinn Dlí agus Cirt agus ón nGarda Síochána.

 

Tugadh chun solais i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche, a foilsíodh i Meán Fómhair 2021, an fhadhb a bhaineann le sábháilteacht phoiblí agus moladh bealaí lena bhféadfadh struchtúir reatha tacú le bearta sábháilteachta agus iad a neartú.

 

Dúirt an tAire Catherine Martin inniu:

 

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí timpeallacht shábháilte ar fáil do na daoine sin go léir a bhíonn ag obair agus ag teacht le chéile inár gcuid bailte agus cathracha, agus is mar gheall air sin, atá mo Roinnse ag maoiniú sraith de chúrsaí oiliúna maidir le Leochaileacht d’Earnáil an Gheilleagair Oíche.

 

“Táim ag iarraidh gach gnó, amhail tithe tábhairne, clubanna oíche, bialanna agus gach duine eile atá rannpháirteach i Earnáil an Gheilleagair Oíche a spreagadh chun clárú agus a bheith páirteach sa tionscnamh oiliúna maidir le leochaileacht atá maoinithe ag mo Roinn fhéin.”

 

Is é príomhchuspóir an chúrsa seo cur ar chumas oibrithe agus gnónna sa Gheilleagar Oíche na saincheisteanna a bhaineann le cosaint agus bainistiú leochaileachta agus foréigean in aghaidh ban a aithint . Beidh tuiscint níos fearr ag baill foirne ar na freagrachtaí agus an dualgas cúraim atá orthu i leith daoine leochaileacha agus cuirfear oiliúint orthu maidir leis na gníomhartha a chaithfear a ghlacadh chun riosca aitheanta a laghdú. Cuirfear sraith teimpléad polasaí sna réimsí bainistiú teagmhas agus leochaileachta ar fáil freisin do ghnónna lena n-íoslódáil agus lena n-úsáid.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Táim ag iarraidh cuidiú le gnónna sa Gheilleagar Oíche tacú lena meitheal oibre agus custaiméirí agus iad a chosaint trí fhadhbanna a aithint sula dtagann siad chun cinn agus freisin go mbeadh polasaithe agus nósanna imeachta soiléire i bhfeidhm acu dá dtarlódh aon eachtra.”

 

Rachaidh an cúrsa seo chun tairbhe gach duine atá rannpháirteach sa Gheilleagar Oíche agus ag obair ann trí shábháilteacht custaiméirí a chinntiú. Léireofar leis tiomantas na n-ionad agus gnónna i leith sábháilteacht custaiméirí a chinntiú agus leis sin beidh níos mó muiníne ag daoine dul amach san oíche de bharr timpeallacht shábháilte a bheith ann leis sin a dhéanamh.

 

Lean an tAire Martin:

 

“Ní mór tús áite a thabhairt do shábháilteacht na mban agus do shábháilteacht custaiméirí atá rannpháirteach sa Gheilleagar Oíche.  Ba chóir go n-aireodh daoine sábháilte nuair atá siad ag teacht le chéile san oíche gan faitíos a bheith orthu faoi fhoréigean ná ciapadh agus is é sin an t-údar a bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí oiliúint ar bhaill foirne, chun go mbeidh siad ábalta cúnamh a thabhairt do dhuine ar bith a bheadh i gcás deacair nó bagrach.”

 

Clúdófar na topaicí seo a leanas sa chúrsa le linn  seimineár gréasáin 2 uair an chloig via Zoom:

 

  1. Na príomhchineálacha leochaileachta sa Gheilleagar Oíche
  2. Cosaint
  3. Daoine fásta agus leanaí atá i mbaol
  4. Foréigean in aghaidh ban agus sábháilteacht ban
  5. Spíceáil Deochanna
  6. Freagrachtaí agus Dualgas Cúraim
  7. Conas freagairt do na príomhchineálacha leochaileachta agus nuair is ceart glaoch ar sheirbhísí éigeandála agus dul chuig na húdaráis áitiúla
  8. Tabhairt faoi mheasúnú riosca dinimiciúil
  9. Polasaithe agus Cleachtais chun timpeallacht shábháilte a chur chun cinn do chách

 

Is féidir le duine, gnó nó ionad ar bith atá ag feidhmiú nó ag obair sa Gheilleagar Oíche leas as a bhaint as an oiliúint seo.  

Tá sé cinn de sheisiúin oiliúna ar fáil ar féidir clárú dóibh. Féachtar leis an tionscnamh seo oiliúint a chur ar fáil do bhreis is 600 gnó agus ball foirne atá ag obair agus rannpháirteach sa Gheilleagar Oíche ar fud na tíre. Is féidir clárú don oiliúint anseo.

 

CRÍOCH