Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Martin Ceapadh Chomhaltaí Nua Choiste Comhairleach Saineolaithe Chultúr Éireann

D’fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu gur cheap sí seisear ball nua chuig Coiste Comhairleach Saineolaithe Chultúr Éireann.

Agus baill nua an Choiste Comhairleach Saineolaithe á bhfógairt aici, dúirt an tAire Martin: “Tá ról ríthábhachtach ag Cultúr Éireann chun cáil na hÉireann a thógáil go hdirnáisiúnta trí ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud na cruinne. Ag an am ríthábhachtach seo, cuideoidh saineolas domhain bhaill an Choiste le deiseanna gairme d’ealaíontóirí Éireannacha a mhéadú agus tionchar infheistíocht an Rialtais in ealaíona na hÉireann thar lear a uasmhéadú."

Mar aon le baill reatha an Choiste Chomhairligh Saineolaithe beidh Helen Carey, Coimeádaí Amharcealaíona, Tom Creed, Léiritheoir agus Stiúrthóir Amharclainne agus Ceoldráma, Louise Donlon, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Amharclann Lime Tree, Noeleen Hartigan, Comhairleoir Straitéise Ealaíon ildisciplíneach, Rosaleen Molloy, POF Music Generation, agus Nidhi Zak, File, Eagarthóir agus Ambasadóir Síochána.

Tá ionadaíocht láidir idirghníomhaireachta ar an gCoiste Comhairleach Saineolaithe a chinntíonn cur chuige uile-Rialtais maidir le hobair phoiblíochta idirnáisiúnta chun aidhmeanna Éire Dhomhanda a bhaint amach. Tá ionadaithe sinsearacha ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ón gComhairle Ealaíon, ó Thurasóireacht Éireann agus ó Fhís Éireann san áireamh. Leanfaidh na hionadaithe seo ag fónamh ar an gCoiste ar bhonn ex-officio.

Agus é ag cur fáilte roimh na ceapacháin nua a rinne an tAire Martin, dúirt Kieran Hanrahan, Cathaoirleach Chultúr Éireann: “Agus Cultúr Éireann ag tabhairt faoi straitéis nua, a mhúnlóidh an cur chuige chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn sna 5 bliana amach romhainn, is tráthúil an rud é na baill nua den Choiste a bhfuil taithí iontach acu a cheapadh ó gach cearn den earnáil ealaíon. Oibreoimid le chéile chun tairbhí ealaíontóirí Éireannacha agus lucht féachana domhanda a uasmhéadú."

Tá liosta iomlán de bhaill Choiste Comhairleach Saineolaithe Chultúr Éireann ar fáil ar www.cultureireland.gov.ie

CRÍOCH