Foilsithe ar 

Fógraíonn McConalogue forbairt Cé Domhainmhara €25m ag Ros an Mhíl, Gaillimh

D’fhógair an tAire McConalogue inniu go dtógfar áis ché domhainmhara ag an Ionad Iascaigh Cuain atá faoi úinéireacht an Stáit ag Ros an Mhíl, Gaillimh.  Cisteofar an tionscadal tríd an gClár Forbartha Caipitiúla Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta. 

 

Nuair a bhí an cinneadh á fhógairt aige go leanfar ar aghaidh leis an tionscadal, dúirt an tAire, “Baineann ríthábhacht lenár nIonaid Iascaigh Cuain maidir leis an tionscal bia mara agus léiríonn Ros an Mhíl go soiléir conas a spreagann na háiseanna seo gníomhaíocht gheilleagrach do na pobail chósta tuaithe máguaird.  Cuireann fógairt an lae inniu tiomantas an Rialtais seo in iúl arís eile do dhul i ngleic leis na tionchair a imríonn an Breatimeacht ar an earnáil agus do thodhchaí láidir do tháirgeoirí tosaigh bia mara na hÉireann.”

 

Bhain beagán faoi bhun de 90% den iasc go léir a tugadh i dtír isteach in Éirinn an tír amach ag na hIonaid Iascaigh Cuain.  Ba bháid Éireannacha, den chuid ba mhó, a thug an t-iasc seo i dtír ag Ros an Mhíl agus bhí luach €7 milliún ar na gabhálacha.  Cuirfidh an ché dhomhainmhara atá á fógairt inniu fad breise 200 méadar ar fáil ar thaobh na cé agus doimhneacht breis agus 70% ar fáil chun freastal ar bháid iascaireachta níos mó agus meallfaidh sé gabhálacha breise ó bháid iascaireachta Éireannacha agus eachtracha.  Síneann an calafort faoi láthair ar feadh 325 méadar ar thaobh na cé ach tá sé teoranta ó thaobh uisce domhain (-5.8m, ar a mhéid, ó thaobh tagra cairte) agus bíonn sé thíos le brú sna séasúir ghnóthacha iascaireachta.  Cuirfear achar breise 4 heicteár de thalamh ar fáil ina bhféadfaí leas a bhaint as mar limistéar leagtha anuas/forbartha leis an Ionad Cuain mar chuid de na hoibreacha. Beidh na háiseanna nua i Ros an Mhíl ar nós na n-áiseanna atá ar fáil sna Cealla Beaga agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra.    

 

Luaigh an tAire tiomantas na bpáirtithe leasmhara áitiúla don tionscadal: “Nuair a thug mé cuairt i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, chuaigh na huaillmhianta a bhí ag an bpobal áitiúil anseo i dtaobh Ros an Mhíl go mór i gcion orm. Tá féidearthacht ollmhór ann d’fhorbairt agus do phoist amach anseo nuair a bheidh an tionscadal seo ar bun agus táim an-mhuiníneach go dtapófar agus go saothrófar an deis seo ar mhaithe le Conamara.”

 

Fuarthas cead pleanála don tionscadal in 2017.  Leanfaidh an Roinn anois ar aghaidh le soláthar a fháil do dhearadh mionsonraithe na cé ag féachaint le tógáil a chur amach ar tairiscint níos déanaí sa bhliain.  Meastar go gcosnóidh an tionscadal a mhéid le €25 milliún, gan CBL a áireamh, ach ní bheidh an costas cruinn ar eolas ach tar éis go gcuirfear obair mhionsonraithe dhearaidh i gcrích agus gur thit comórtas tairiscintí oscailte amach.  Meastar go nglacfaidh sé a fhaide le 28 mí leis an obair thógála a chríochnú. 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Tugann an Clár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta faoi Ghníomh 145 i gClár an Rialtais, “Infheistíocht straitéiseach a dhéanamh i mbonneagar calafoirt chun go mbeidh teacht i dtír níos mó ar éisc a ghabhtar ar bhealach inbhuanaithe inár n-uiscí, agus trí sin, dlús a chur leis an earnáil próiseála bia mara agus an geilleagar gorm a fhorbairt i bpobail cois cósta.”  Cisteofar forbairt na cé domhainmhara i Ros an Mhíl faoin gClár seo.

 

                                                                                                CRÍOCH