Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag na hAirí Martin agus Chambers roimh chinneadh Rialtais cé domhainmhara a fhorbairt ag Ros an Mhíl i nGaeltacht Chonamara

Tá fáilte curtha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin, Catherine Martin T.D., agus ag an Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., roimh an gcinneadh Rialtais cé domhainmhara a fhorbairt ag Ros an Mhíl i nGaeltacht Chonamara.

 

D’fhógair an tAire McConalogue inniu go dtógfar áis ché domhainmhara ag an Ionad Iascaigh Cuain atá faoi úinéireacht an Stáit ag Ros an Mhíl, Gaillimh.  Cisteofar an tionscadal tríd an gClár Forbartha Caipitiúla Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta. 

Dúirt an tAire Martin:“Is forbairt straitéiseach í chun tacú le forbairtí fiontair, fostaíochta, pobail agus laghdaithe carbóin sa Ghaeltacht agus i réigiún an iarthair ar fad a chothú agus a chumasú. Tá féidearthacht ann anois Ros an Mhíl a fhorbairt mar lárionad chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta agus na céadta post i bhfuinneamh in-athnuaite a chruthú i nGaeltacht na Gaillimhe.”

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:“Tagann sé seo le Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021-2025 maidir leis an nGaeltacht Ghlas a fhorbairt agus a gcuid iarrachtaí chun lorg carbóin a ngníomhaíochtaí féin agus gníomhaíochtaí a gcliant agus phobal na Gaeltachta trí chéile a laghdú.”

 

Léirigh tuarascáil a rinne Údarás na Gaeltachta a choimisiúnú anuraidh go bhféadfaí suas le 900 post a chruthú dá bhforbrófaí Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe mar lárionad agus mol straitéiseach chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta agus maidir le cúrsaí fuinnimh in-athnuaite mara.

CRÍOCH