Foilsithe ar 

Páirteanna éagsúla a bhí ag mná sa tréimhse réabhlóideach á léiriú ar Mhná 100 – acmhainn saor in aisce ar líne do Dheich mBliana na gCuimhneachán

Féach ar Mná100.ie ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

 

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh againn go luath, mhol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin do dhaoine úsáid a bhaint as acmhainn ar líne Mhná100 agus thug sí léargas ar phleananna cuimhneacháin don bhliain atá romhainn a leagfaidh béim ar shaolta na mban le linn na tréimhse réabhlóidí.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Tá Mná 100 tar éis dul ó neart go neart le cúpla mí anuas. Mholfainn do gach duine úsáid a bhaint as an acmhainn luachmhar seo de réir mar a leanfaimid ar aghaidh le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Tá Mná100 tar éis réimse ábhair a chur ar fáil trí mheáin éagsúla chun béim a leagan ar an ról a bhí ag mná le linn na tréimhse comórtha. Bhí Mná100 ag obair lenár bhForais Náisiúnta Cultúir, lenár nÚdaráis Áitiúla agus leis an bpobal idirnáisiúnta chun an réimse ábhair seo a chur ar fáil. Tá clár iomlán pleanáilte do 2022.”

 

“Léirítear ar an ardán seo ar líne mná le scéalta éagsúla a bhfuil téamaí uilíocha iontu. Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, molaim do gach duine an acmhainn seo a úsáid. Lena húsáid foghlaimeoidh gach duine tuilleadh ónár dtaithí chomónta le scéalta a rachaidh i bhfeidhm orainn agus a spreagfaimid. Tá an t-uafás ábhar saibhir ar fáil ina leagtar béim ar ról na mban sa tréimhse chuimhneacháin seo i láthair na huaire. Beidh seimineáir ar líne ar siúl faoi shaol na mban san am atá thart agus i láthair na huaire agus cuirfear sraith podchraoltaí nuálacha ar fáil ina dtugar léargas ar mhachnamh ealaíontóirí an lae inniu.”

 

Chomh maith leis sin, beidh alt ar shuíomh idirlín Europeana faoi Mhná100 ar https://pro.europeana.eu/. Ardán Eorpach d’oidhreacht chultúrtha dhigiteach is ea é Europeana. Tugann an t-ardán seo rochtain don phobal ar oidhreacht chultúrtha don oideachas, don taighde, don chruthaitheacht agus do chaitheamh aimsire.

 

Dúirt Marijke Everts a bhainistíonn feachtas míosa de chuid Europeana do Stair na mBan:

 

“Gach bliain, ceiliúrann Europeana Mí Stair na mBan. Ceiliúrann Europeana le roinnt bailiúchán, tionscadal agus scéalta a thugann léargas ar ghaiscí na mban san am atá thart agus sa lá atá inniu ann. Léirímid éagsúlacht na hEorpa. Léiríonn ár n-alt an tábhacht a bhaineann le ról Mhná100 chun scéalta faoi stair na mban in Éirinn a insint.”

 

In 2022, déanfar comóradh ar réimse imeachtaí thábhachtacha ar bhealaí éagsúla. Beidh siad go léir ar fáil ar www.mna100.ie.

 

Ar an 13 Márta 1922, reáchtáladh chéad chruinniú Chumann na Saoirse. Bhí daoine i láthair ag an gcruinniú sin a thacaigh le bunú Shaorstát Éireann. Bhí Jennie Wyse Power i gceannas ar an gcruinniú i dTeach an Ardmhéara. Tabharfaidh Ali Morris léargas dúinn ar an ról a bhí ag Jennie Wyse Power le siúl stairiúil trí Theach an Ardmhéara céad bliain níos déanaí. Beidh sé seo ar fáil ar Mhná100.ie agus ar Theilifís Fhéile Pádraig.

 

I Mí Aibreáin, reáchtálfaidh Mná 100, i gcomhar le Comhairle Chathrach Chorcaí comhrá poiblí i Leabharlann Chathair Chorcaí, ar Shráid an Chapaill Bhuí. Déanfar plé sa chomhrá ar céard a cheap ‘gnáthdhaoine’ faoi imeachtaí. Reáchtálfaidh Mná 100 an ócáid chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó eisíodh ‘Forógra Chorcaí’  ar an 6 Aibreán 1922. Beidh béim ar leith ar an léargas a thugtar ar na laethanta sin i gCorcaí i bpáipéirí Lil Conlon, údar Cumann na mBan agus Women of Ireland, (1969) atá i Músaem Poiblí Chorcaí. Déanfar an ócáid seo a bheoshruthú agus beidh an lucht féachana in ann páirt a ghlacadh inti.

 

Sa cheathrú eipeasóid de Phodchraoladh Céad Bliain Mhná 100, Ar Tóir Síochána, déanfar plé ar Thoscaireachtaí Síochána mhí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 1922. Bhí mná i gceannas ar na toscaireachtaí sin ina measc Kathleen Clarke and Maud Gonne MacBride. Pléifidh cainteoirí an tionchar a bhí ag mná sna hiarrachtaí síochána agus a dtaithí féin sa cheannaireacht agus i gcothú na síochána.