Foilsithe ar 

Allúntas 3 bliana ar fiú sa bhreis ar €4m é ceadaithe ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers do Scéim na gCúntóirí Teanga

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meáin Catherine Martin T.D. agus Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Gaeltachta agus Spóirt, inniu Dé hAoine 2 Meán Fómhair, go bhfuil allúntas suas le €4.039m. in iomlán thar thréimhse 3 bliana ceadaithe acu faoi Scéim na gCúntóirí Teanga. 

Tá an Roinn ag soláthar ciste airgead le breis agus scór bliain anois do Scéim na gCúntóirí Teanga. Cuirtear deiseanna saibhrithe agus sealbhaithe Teanga ar fáil sna scoileanna atá páirteach sa scéim agus cuireann sé le hiarrachtaí atá ar bun ag teaghlaigh atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht, an teanga a chur chun cinn mar theanga bhaile. 

 

Is iad na heagrais, Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcúige Mumhan agus Muintearas i nDún na nGall, Maigh Eo, An Mhí agus i gCo. na Gaillimhe atá ag riar na scéime thar ceann na Roinne.

 

Cuimsíonn an t-allúntas seo an cistíocht bhreise trí bliana ar fiú suas le €72,000 a ceadaíodh le déanaí chun go mbeifear in ann uaireanta breise teagaisc a chur ar fáil faoin Scéim do bhunscoileanna Gaeltachta a bhfuil tinreamh níos mó ná 100 dalta acu.

 

De thoradh an chiste bhreise seo, beidh cúntóir teanga á chur ar fáil ar leas 134 scoil Ghaeltachta (105 bunscoil, 28 iarbhunscoil agus scoil speisialta amháin) in iomlán agus suas le 113 cúntóirí teanga i mbun oibre iontu faoin scéim.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

Is údar sásaimh dom go bhfuil an ciste trí bliana seo ceadaithe. Tá Scéim na gCúntóirí Teanga agus an obair a ndéantar faoina scáth mar chuid lárnach den tacaíocht atá á cur ar fáil ag mo Roinn ar bhonn leanúnach ar son an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon. De thoradh an chiste shuntasaigh trí bliana atá ceadaithe, leanfar leis an obair atá ar bun faoi scáth na scéime ar leas an phróisis agus ar leas foriomlán na Gaeilge sa Ghaeltacht dá réir.

 

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

Le fógairt an chiste seo, tá céimeanna móra eile glactha chun tacú tuilleadh leis an bpróiseas pleanála teanga agus le feidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon. Níl amhras ar bith ach go bhfuil páirt lárnach ag Scéim na gCúntóirí Teanga leis na hiarrachtaí atá ar bun ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais chun an Ghaeilge a neartú tuilleadh mar theanga phobail agus teaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta mar chuid d’fhorfheidhmiú Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge. Ar ndóigh murach na c. 113 Cúntóir Teanga atá fostaithe faoin scéim, ní bheadh an rath ar na hiarrachtaí sin agus is údar sásaimh domsa gur éirigh liom pá na gCúntóirí a mhéadú 10% i mbliana.

 

Tríd Scéim na gCúntóirí Teanga agus go deimhin na scéimeanna agus na tionscadail eile atá á riar ag mo Roinn faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga, tá cabhair phraiticiúil á cur ar fáil tríd an ngréasán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta”.

 

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha faoi ghníomh 2.17 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a thagann an beart seo chomh maith lena bhfuil geallta i leith na scéime sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.

 

 

CRÍOCH

 

An Oifig Phreasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: AnRoinnTurasóireachtaCultúirEalaíonGaeltachtaSpóirtagusMeán

 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

Tá Scéim na gCúntóirí Teanga á maoiniú ag an Roinn le scór bliain anuas ó 1999 ann mar bheart tacaíochta don Ghaeilge sa chóras oideachais sa Ghaeltacht. Is é an cuspóir go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil ó ghlúin go glúin agus í treisithe mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

 

I dteannta leis an bheart atá fógartha anois, glacadh leis na céimeanna a leanas roimhe seo chun Scéim na gCúntóirí Teanga a neartú de thoradh an athbhreithnithe a rinneadh ar an scéim in 2019 – Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga:

 

  • Ceadaíodh uaireanta breise teagaisc faoin Scéim do bhunscoileanna Gaeltachta a bhfuil tinreamh níos mó ná 100 dalta acu.

 

  • Seoladh go hoifigiúil an leabhrán: Ról an Chúntóra Teanga a bheidh mar fhoinse tagartha, faisnéise agus tacaíochta do chúntóirí teanga, lucht riartha na scéime agus d’fhoirne bainistíochta agus teagaisc scoileanna Gaeltachta.

 

  • Ceadaíodh acmhainní breise arbh fhiú €1.02m ó thús na scoilbhliana 2018/19 le go mbeadh 32 scoil bhreise in ann leas a bhaint as an scéim – ionann le gach scoil Ghaeltachta atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta. De thoradh seo uile, tá 134 scoil Ghaeltachta ag baint leasa as na hathruithe seo uile le hais 104 scoil in 2017/18 agus tá 114 cúntóir fostaithe faoin scéim anois i gcomparáid le 100 in 2018/19.

 

  • Ceadaíodh allúntas trí bliana ar fiú suas le €3,200,828 é ó thús na scoilbhliana 2019/20, agus bhaineadh leas as chun go mbeadh scoileanna Gaeltachta atá páirteach sa Scéim Aitheantas Scoileanna Gaeltachta in ann cúntóir teanga a bheith acu ar feadh sé seachtaine breise in aghaidh na scoilbhliana, ionann le 32 seachtain in iomlán.